Ainm: | Willie Mac an tSeachlainn | |
Áit Chónaithe: | An Chluain Chlaíoch, An Clochán |
Áit Dúchais: | Srath na Bratóige, An Clochán |
Catagóir: | An Duine |
Fochatagóir: | An Óige agus Aois |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An saol nuair a bhí sé óg: ba bheag bronntanais a gheobhadh siad ag an Nollaig. Bhíodh siad iontach sásta nuair a thugadh a mháthair úll nó oráiste daofa nuair a philleadh sí as Bealach Féich. Ní raibh leictreachas ná uisce reatha sa teach acu ach bhí saol maith acu. An spórt agus an chleasaíocht a bhí acu nuair a bhí siad óg.
Bhí oíche mhór acu ag Samhain agus arís nuair a thagadh an muileann. Bhíodh meitheal iomlán fir as an bhaile cruinnithe agus théadh siad ó theach go teach go mbíodh na cruacha fodair uilig buailte. | 00:04:37 | |